Irish/Gaeilge
Foramharc ar an Ábhar:
Is féidir le foghlaimeoirí staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ina rogha de thrí chúrsa don Ardteistiméireacht.
Is iad seo a leanas aidhmeanna ginearálta na gcúrsaí:
- Scileanna teanga na bhfoghlaimeoirí a bhuanú, a dhoimhniú agus a fhorbairt a thuilleadh de réir a acmhainne i dtreo is go mbeidh ar a gcumas páirt ghníomhach a ghlacadh sa saol dátheangach atá mar aidhm náisiúnta ag an rialtas
- Deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na scileanna teanga a shealbhú agus a fhorbairt de réir a n-acmhainne
- Léargas a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar shaíocht Ghaelach na hÉireann agus deiseanna a chur ar fáil dóibh é seo a bhlaiseadh tríd an teanga, an gceol, an stair agus tríd an litríocht
- Féinmheas agus fénmhuinín na bhfoghalimeoirí a chothú trí thuiscint a thabhairt dóibh ar a bhféiniúacht agus ar a n-oidhreacht chultúrtha
- Meon dearfa i leith na teanga a chothú agus dearcadh dearfa ar fhoghlaim teangacha a chothú sna foghlaimeoirí
- Taitneamh agus spreagadh intleachtúil agus mothúchánach a thabhairt d’fhoghlaimeoirí
- Foghlaimeoirí a ullmhú chun páirt a ghlacadh i saol na hoibre arb í an Ghaeilge gnáth-theanga chumarsáide na hoibre nó na gairme sin
Ábhar
Cuirtear ábhar na gcúrsaí ar fáil i siollabais atá dírithe ar an mBonnleibhéal, ar an nGnáthleibhéal agus ar an Ardleibhéal. Leagtar béim láidir ar an gcumarsáid mar chuspóir teagaisc.
Déantar soláthar ar an réimse teanga atá riachtanach chun na cuspóirí cumarsáide a chur i gcrích. Tugtar liostaí de thopaicí le húsáid mar mheán chun cumas cumarsáide na bhfoghlaimeoirí a fhorbairt. Cuirtear béim ar ghníomhaíochtaí agus ar raon leathan de thascanna atá bunaithe ar théacsanna aiceanta labhartha agus scríofa. Leagtar béim ar fhorbairt Fheasacht Teanga agus Fheasacht Chultúir na bhfoghlaimeoirí sna cúrsaí seo freisin.
I gcás an Ghnáthleibhéil agus an Ardleibhéil, ní mór d’fhoghlaimeoirí saothrú a dhéanamh ar théacsanna próis agus filíochta. Déanann lucht an Ardleibhéil staidéar ar théacsanna breise próis agus filíochta chomh maith le staidéar teoranta ar Stair na Gaeilge.
Measúnacht
Is féidir le hiarrthóirí tabhairt faoi scrúdú na Gaeilge ina rogha de thrí leibhéal don Ardteistiméireacha – Bonnleibhéal, Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal mar a leanas:
Labhairt: Béaltriail ag gach leibhéal
Claustuiscint: Triail chluastuisceana ag gach leibhéal
Scríobh: Scrúdú scríofa ina bhfuil léamhthuiscint agus tascanna éagsúla ceapadóireachta le comhlíonadh ag gach leibhéal
Prós agus Filíocht: i gcás an Ardleibhéil agus an Ghnáthleibhéil, déantar scrúdú ar théacsanna próis agus filíochta de réir na gcritéar atá leagtha síos. Bíonn téacsanna breise próis agus filíochta agus topaicí a bhaineann le Stair na Gaeilge san áireamh i gcás an Ardleibhéil ,
Doiciméadú
Siollabas Gaeilge na hArdteistimeireachta (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal)
Siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta (Bonnleibhéal)
Treoirlínte mar Thaca le Múineadh an Chúrsa Leasaithe Litríochta – currently unavailable
Dréacht-threoirlínte do mhúinteoirí
Naisc ghaolmhara
Coimisiún na Scrúdaithe Stáit
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta
Board Scannán na hÉireann
Teangacha sa Churaclam iar-bhunoideachais: plécháipéis
Review of languages in the post-primary curriculum: report on the first phase of the review
- Irish Articles
- Art News
- English
- English Blog
- English Blog
- English News
- English News
- English News
- Geography News
- Geometry and Trigonometry
- Geometry and Trigonometry
- LCVP News
- Main Nav
- Maths Blog
- Maths Blog
- Maths News
- News
- s3
- s4
- sample
- School Calendar
- Science News
- Statistics and Probability
- Statistics and Probability
- Student News
- Student Work
- Student Work
- Student Work
- Student Work
- Student Work
- Top Bar Menu
An Triail – Achoimre
January 9, 2015 | Rachel O' ConnorAn Triail – Máiréad Ní Ghráda
Údar
Scríobh Máiréad Ní Ghráda an dráma seo. Rugadh í in aice le hInis, Co. An Chláir sa bhliain 1896. Fuair sí scoláireacht chun freastal ar Choláiste na hOllscoile i mBaile Átha Cliath agus … Read More
Gaeilge 24- Irish for a Day!
November 11, 2014 | Rachel O' ConnorThe Challenge The aim of this challenge is to inspire young people to speak Irish for 24 hours: at home, at school, in shops, with businesses, around their hometown, in sports clubs, at youth clubs and everywhere else too!
The … Read More